Main content
Níl an t-eagrán seo ar fáil faoi láthair ar Ö÷²¥´óÐã iPlayer Radio

Ón Taobhlíne

Craobh Mhionúir do Dhoire, Craobh chamógaíochta agus iománaíochta, Corn Domhanda Rugbaí faoi-20. Minor All-Ireland title for Derry, Camogie and hurling championship, under-20 RWC.

I ndiaidh do Dhoire Craobh Mhionúir na hÉireann i bpeil na bhfear a bhaint inné, tá duine de réaltaí Dhoire, Ger Dillon, linn beo sa stiúideo anocht le labhairt le Fearghal faoin bhua mór agus faoin fháilte a cuireadh roimh an fhoireann agus iad ag teacht abhaile oíche aréir. Bhí díoma d’fhoireann chamógaíochta Aontroma i bPáirc an Chrócaigh ar an tSatharn – anailís air sin, agus ar an dá chluiche leathcheannais iománaíochta i bPáirc an Chrócaigh, ó Shéamas Mac Giolla Fhinnéin. Agus beidh foireann rugbaí na hÉireann ag tabhairt aghaidh ar an Fhrainc sa chluiche ceannais Corn Domhanda Faoi-20 ar an Aoine – déanann Máire Treasa Ní Dhubhghaill mionscagadh dúinn ar an bhua thar an Afraic Theas inné sa chluiche leathcheannais, agus labhraíonn sí faoi na tragóidí pearsanta a bhuail an painéal go dtí seo.

Derry won the Minor Football All-Ireland yesterday, and one of the stars of yesterday’s final, Ger Dillon, joins us live in studio to chat about the big win and the even bigger welcome the team received on their homecoming last night. There was disappointment for Antrim’s camogie team in Croke Park on Saturday – analysis of both that game, and the two hurling semi-finals at Croke Park, from Séamas Mac Giolla Fhinnéin. Plus, in South Africa, an Ireland rugby team is on the verge of making history in a World Cup Final – Máire Treasa Ní Dhubhghaill analyses the semi-final win over the hosts that brought the Ireland U-20s one step closer to World Cup success.

30 nóiméad

An craoladh is déanaí

Luan 10 Iúil 2023 19:30

Craoladh

  • Luan 10 Iúil 2023 19:30